 |
Fáilte chuig ár suíomh do sonraí oidhreachta.
Ní cuirtear eolas ginearálta faoin Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Aitúil ar fáil tríd an suíomh seo. Chun a leithéid d'eolais a fháil, déan teagmháil le:
An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Aitúil,7 Plás Ely, Baile Átha Cliath 2, Éire.
Telephone: +353-1-647 3000 - LoCall: 1890-321 421 Fax: +353-1-662 0283
Idirlíon: www.environ.ie Ríomhphost: natureconservation@environ.ie
Ceist ar bith a bhaineann leis an liosta teagbhála le haghaidh athnuachaint sonraí CFG, nó atá bainteach go hiomlán le cúrsaí CFG, chuir ríomhphost chuig: gis@indigo.ie
Cuireann an láithreán seo bealach simplí ar fáil chun teacht ar eolas faoin oidhreacht atá faoi bhainistíocht an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Aitúil, lena n-áirítear eolas ar Thaifead na Láithreán agus na Séadchomharthaí, ar Thaifead na Séadchomharthaí Taifeadta, ar Shéadchomharthaí atá faoi chúram an Stáit, ar Limistéir Oidhreachta Nádúrtha, ar Limistéir Speisialta Caomhnaithe, Limistéir faoi Chosaint Speisialta (Treoir na nÉan), ar Thearmainn Dúlra agus ar Pháirceanna Náisiúnta. Ní eolas do thurasóirí é seo ná eolas don phobal i gcoitinne agus níl saoráidí sracléimh ná faire ar fáil sa láithreán. Is é atá sna sonraí ná foirne tábhachtachta sonraí mar thoradh ar ár ngníomhaíochtaí mar chaomhnóirí dlíthiúla na hoidhreachta náisiúnta, rud ar dhíol suime é do thaighdeoirí, daoine acadúla, sainchomhairleoirí, lucht pleanála, lucht forbartha agus do cibé eagraíochtaí agus daoine aonair eile a bhfuil baint acu le hathrú fisiceach ar an tírdhreach sa chiall is leithne de.
Tabhachtach!
Ba chóir a thabhairt faoi ndeara go mbeadh córas bun-achar sonraí ag teastáil ón té ar mhian leis na táblaí ACCESS a úsáid. Ina theannta san, bheadh Córas Fáisnéise Geografaigh, agus dár ndóigh an saineolas chun í a úsáid, ag teastáil freisin chun teach ar na sonraí léarscáilíochta atá sna comhaid ArcInfo .e00. Muna bhfuil RDBMS nó GIS agat, níl na sonraí seo ar fáil dhuit.
Tá na foirne sonraí seo sealadach sa mhéid gur taifead iad ar a bhfuil againn i láthair na huaire, ó thaobh sonraí de. Níl siad á bhfoilsiú anseo mar mhínithe dlíthiúla ar chúrsaí mar atá i láthair na huaire maidir le rialacháin i dtaca le caomhnú ná lena réim thíreolaíochta na rialaithe sin. Féadfaidh sé tarlú go bhfuil earráidí iontu nó easnaimh orthu agus tugtar faoi deara freisin nach ndéantar na sonraí a íoslódáil chuig an láithreán gréasáin seo ónár bpríomhbhunachar sonraí ach ó thráth go chéile (gach dhá mhí nó ráithe go hiondúil), agus nach féidir glacadh leis gur eolas reatha amach is amach atá ann. Bíodh glacadh leo, dá réir sin, mar threoirlínte atá úsáideach agus sách údarásach agus mar sin amháin agus ní ghlacfaidh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Aitúil le dliteanas ar bith as aon chaillteanas nó damáiste a bhainfidh dóibh siúd a úsáideann na sonraí seo chun aon chríche ar bith.
Seachadfar fógra d'athbhreithnithe críochnaithe ar na rannpháirtithe inár liosta seachadta. Más mian leat go dtabharfaí fórgra duit cliceáil anseo chun go n-áireofar inár liosta seachadta thú.
Is leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Aitúil cóipceart na sonraí seo. Cuirtear ar fáil iad do dhaoine aonair agus do eagraíochtaí dá n-úsáid príobháideach ar a gcórais ríomhaireachta féin. Ní chóir iad a thabhairt do dhaoine eile, go díreach no mar chuid de fheidhmiú. Ní cheadaítear iad a dhiól, ina chuid nó ina iomláin, agus ní cheadaítear iad a úsáid in aon fheidhmiú no forbairt a bheadh á díol. Más mian le duine ar bith na sonraí seo a comhshnaidhmiú le feidhmiú breisluacha, ba chóir dó teagmháil a dhéanamh ar dtús leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Aitúil, chun cead a fháil agus chun idirghabháil a dhéanamh i leith costais, más gá.
barr
|
 |