 |
Fóir orm! Ceisteanna Coitianta
Ceapaim go bhfuilim caillte. Cár féidir liom teacht ar eolas ar oidhreacht, cultúr agus turasóireacht na hÉireann?
Níl aon eolas turasóireachta sa láithreán seo. Ní mór duit dul chuig láithreán gréasáin www.heritageireland.ie, áit a soláthraítear eolas ár Roinne ar na topaicí sin.
Cá bhfuil na léarscáileanna?
Ní sholáthraíonn an láithreán seo léarscáileanna iontu féin, soláthraíonn sé comhaid dhigiteacha ina bhfaightear teorainneacha de limistéir chaomhantais agus ina dtaispeántar suímh láithreán seandálaíochta. De bharr sriantachtaí ceadúnais nílimid in ann aon léarscáiliú cúlra dár láithreáin a sholáthar.
Tá na comhaid dhigiteacha léarscáileanna seo i bhformáid ArcInfo export/e00 atá curtha in WinZip chun íoslódáil a éascú. Tá cuid de na sraitheanna sonraí ar fáil ar bhonn contae amháin. Chun na sonraí a fháil cliceáil ar an mír 'íoslódáil' den bharra nascleanúna agus roghnaigh an tsraith sonraí atá uait. Tabharfaidh sé sin chuig sraith sonraí náisiúnta thú a íoslódáiltear a luaithe a chliceálann tú an téacs nó tabharfaidh sé chuig léarscáil idirghníomhach d'Éirinn thú, áit a ndéanann tú cliceáil ar an gcontae a bhfuil suim agat ann chun an comhad don chontae sin a íoslódáil. Féadfaidh tú an rogha a dhéanamh na sraitheanna sonraí contae a íoslódáil ó théacsliosta contaetha más fearr leat sin.
Cad is Sipchomhad ann?
Is éard atá i sipchomhad ná comhad nó cartlann aonair ina bhfaightear pacáiste comhad. Is éard a tharlaíonn sa phróiseas nuair a shipeáiltear roinnt comhad le chéile i sipchomhad aonair ná go gcomhbhrúitear na comhaid sa chaoi go mbíonn an sipchomhad aonair iarmhartach níos lú ná suim na gcomhad indibhidiúil a bhfaightear ann. Ciallaíonn sé sin go dtógann sé níos lú ama an comhad a íoslódáil agus go nglacann sé níos lú spáis stórála. Tá roinnt uirlisí coitianta ann chun comhaid a shipeáil: PKZIP sa chóras oibriúcháin DOS, WinZip agus NetZip i Windows, MacZip le haghaidh úsáideoirí Macintosh, agus Zip agus Unzip i gcórais UNIX.
I ndiaidh duit sipchomhad a íoslódáil go rathúil ní mór duit na comhaid bhunaidh a bhaint as chun iad a úsáid. Beidh an chuid is mó bogearraí a íoslódálann tú ón Idirlíon ina sipchomhaid. Go tipiciúil, trí chliceáil faoi dhó ar shipchomhad féin-eistarraingthe, déanfaidh sé go huathoirbíoch na comhaid a eistarraingt agus a stóráil chuig suíomh roghnaithe ar do chruathiomántán. De ghnáth, tugtar an comhad "setup.exe" ar cheann de na comhaid sin, comhad a úsáidtear chun an sipchlár a shuiteáil ar do ríomhaire. Má chliceáiltear faoi dhó ar an gcomhad sin déanfar na bogearraí a shuiteáil mar chlár inroghnaithe ar do chóras oibriúcháin. Conas a fheicfidh mé na sonraí?
A luaithe atá na sonraí íoslódáilte agat ní mór duit iad a dhíshipeáil agus iad a iompórtáil i do Chóras Eolais Gheografaigh (CEG). Mura bhfuil córas CEG de do chuid féin agat tá bogearraí ar fáil ar an Idirlíon a chabhraíonn chun na comhaid sin a oscailt. Féach an leathanach Naisc Ghréasáin le haghaidh láithreán a d'fhéadfadh a bheith cabhrach.
Cén fhormáid ina bhfuil na sonraí?
Once you have downloaded the data you need to unzip it and import it into your Geographical Information System. If you do not have a GIS system of your own there is software available on the Internet which can open these files. See the Weblinks page for links to sites which might be able to help.
What format is the data in?
Tá na sonraí ar fáil mar chomhaid inmhalartaithe ARC/INFO (e00).
Bainim úsáid as bogearraí AutoCAD, conas is féidir liom rochtain a fháil ar shonraí ArcInfo?
Ar an drochuair, níl bogearraí CAD in ann comhaid inmhalartaithe ArcInfo (e00) a iompórtáil go díreach. Tá bogearraí ar fáil, áfach, (nach bogearraí saora-in-aisce ná rannearraí iad) a thiontóidh na comhaid ArcInfo (e00) ina bhformáid ar féidir le pacáistí CAD iad a léamh, ar nós Comhad Inmhalartaithe Líníochta, nó DXF mar ghiorrúchán. Féach na Naisc Ghréasáin le haghaidh sonraí. Is é an t-aon fhadhb ná nach gcoinníonn comhaid DXF tréithe uile na gcomhad ArcInfo, agus mar sin caillfear roinnt sonraí.
Cad is Meiteashonraí (Metadata) ann?
Is éard atá i Meiteashonraí ná eolas faoi shonraí, agus go tipiciúil soláthraíonn meiteashonraí freagraí ar cheisteanna mar seo a leanas: Cad faoi a bhfuil na sonraí? Cén fhormáid ina bhfuil na sonraí? Cé chomh nuashonraithe atá na sonraí? Cé chomh mion atá na sonraí? Cén suíomh spásúil a chlúdaítear? Conas a bailíodh na sonraí agus cén fáth ar bailíodh iad?
Cá mhinice a nuashonraítear sraitheanna sonraí?
Bíonn cuid de na sraitheanna sonraí faoi athbhreithniú leanúnach - déan teagmháil linn bealach an ríomhphoist trí chliceáil anseo más mian leat go gcuirfí le liosta seachadta thú.
Cad is comhad e00 ann?
Is éard atá i gcomhad e00 ná tuairisc ArcInfo tiontaithe ina théacschomhad ASCII atá le malartú idir dhá chóras ArcInfo ar ardáin éagsúla. Níl sé i gceist go gcomhdhlúthófaí iad, ach tá siad éirithe coitianta mar chomhaid mhalartaithe.
Conas a iompórtálaim isteach i mo chóras é?
Ní iompórtálfaidh cuid mhaith córas comhaid .e00. Féach le haghaidh ArcInfo, Arc nó e00 mar rogha iompórtála. Mura bhfuil an rogha seo ag do chóras b'fhéidir gur mhian leat tiontaire a úsáid ar nós FME.
Cén fáth nach n-úsáideann tú Cruthchomhaid nó DXF?
Mar thoradh ar rialtacht na n-athruithe sna sraitheanna sonraí agus ar líon na gcomhad aonair lena mbaineann roghnaímid an fhormáid e00 mar go bhfuil sí dúchasach dár gcórais féin agus gurb í an fhormáid comhaid is minice iarrtha a theastaíonn chun formáid a úsáid. Braithimid chomh maith gur rogha iompórtála níos fearr í thar an iliomad ardán CEG. Ina theannta sin, tá méideanna na gcomhad iarmhartach réasúnta beag, rud atá tábhachtach nuair a bhítear ag cuimhneamh ar íoslódáil.
Cén fáth nach n-úsáideann tú Cruthchomhaid nó DXF?
Ní féidir - braithimid go mbeadh an mhéid rómhór. Le sonraí contae mheánaigh ag thart ar 2 mheigibheart i méid - bheadh an tsraith sonraí náisiúnta gar do 52 mheigibheart nó mar sin! Ní bheadh sé praiticiúil na comhaid ar fad a íoslódáil in aon turas amháin.
barr
|
 |
|
|