Deineann seirbhís na Séadcomharthaí Náisiúnta caomhnú ar ár n-oidhreacht seandálaíochta trí mheán Achtanna na Séadcomharthaí Náisiúnta 1930-1994. Tá dhá rannóg ag cruthú agus ag bainistiú sonraí seandálaíochta don chuid is mó: sé sin Suirbhéireacht Seandálaíochta na hÉireann agus an Chartlann Seandálaíochta.
Tá dualgais acu siúd i leith na réimsí seo leanas:
|
| - | Clár na Suímh agus na hÁiteanna / Taifead na Suímh agus na Séadcomharthaí. Tá isteach is amach le céad is a fiche míle suímh seandálaíochta faoi chosaint ar fud na hÉireann.
Toisc earraídí ins na sonraí geograifaigh de na suímh i dTaifead na Séadcomharthaí agus na nÁiteanna, táimíd ag baint na sonraí seo den suíomh idirlín seo. Is oth linn gur gá dúinn é seo a dhéanamh ach bhí na hearraídí seo ag chur dua orthu siúd a bhí ag baint úsáid as na sonraí. Tá dian-thogra tosnaithe againn chun na sonraí seo a cheartú agus a thabhairt suas chun dáta agus tá súil againn go gcríochnófar seo taobh istigh de sé mhí.
|
| - | Tugann an Roinn aire do ós chionn ocht gcéad séadcomharthaí seandálaíochta atá faoi úinéireacht an stáit nó faoin a gcúram dlíthiúil faoi réir Achtanna na Séadcomharthaí Náisiúnta.
|
| - | Tugtar cosaint dlítiúil do mórchuid suímh tabhachta nach bhfuil in úinéireacht an stáit trí mheán ordaithe caomhnaite a chuireann bac dlíthiúil ar na húinéirí dochar a dhéanamh dóibh.
|
| - | Tá Seirbhís na Séadcomharthaí Náisiúnta ina údarás ceadúnaithe i leith tocaltáin seandálaíochta i gcoitinne. Níl an ceart ach ag seandálaithe ceadúnaithe tocaltáin seandálaíochta a déanamh. Tá sonraí gach tocaltán a deineadh in Éirinn le blianta anuas i gClár na dTocaltán comh maith cartlann mhór de thuarascála na dtocaltán. Bíonn ós cionn 1000 tocaltáin sa bhlian ar siúl ar an mheán. |
| - | Coimeádtar clár freisin de na longbháití a tharla ar fud an chósta. |