Cúnamh Baile Naisc Mapa an Láithreáin Cuardaigh Déan teagmháil linn
LanguageEnglishGaeilge
 

   Baile > Nuacht


Nuacht is Deireannaí

Portumna

Taifead na Láithreán agus na Séadchomharthaí / Séadchomharthaí Taifeadta

Toisc earraídí ins na sonraí geograifaigh de na suímh i dTaifead na Séadcomharthaí agus na nÁiteanna, táimíd ag baint na sonraí seo den suíomh idirlín seo. Is oth linn gur gá dúinn é seo a dhéanamh ach bhí na hearraídí seo ag chur dua orthu siúd a bhí ag baint úsáid as na sonraí. Tá dian-thogra tosnaithe againn chun na sonraí seo a cheartú agus a thabhairt suas chun dáta agus tá súil againn go gcríochnófar seo taobh istigh de sé mhí. (Feabhra 2005)

Bunachar sonraí na mBailte fearainn

Tá bunachar sonraí nua curtha againn leis an méid atá ann cheana féin. Chuireann an bunachar sonraí seo liosta iomlán ar fáil de na mBailte Fearainn in Éirinn ar bhonn an contae agus cuireann an uimhir aitheantais atá nasctha le gach ainm ar bhúr gcumas na tagairt i mbunachar sonraí na Suímh a léamh. Tugtar eolas faoi foinsí na sonraí seo san alt ar miota-shonraí. Tá sé mar aidhm againn feabhas a chur ar an mbunachar sonraí seo amach anseo trín ainm ceart Gaeilge a sholáthair comh maith leis an ceann Béarla agus trí na mBailte Fearainn a cheangal leis an mBarúntacht, Paróiste Tuata agus an Togh-cheanntar ina luíonn siad. Tá sé socraithe againn freisin lipéad a chur le gach Baile Fearann atá mar chuid den Ghaeltacht oifigiúil. Tugann an táblá do Bailte Fearainn Contae Phort Láirge, blas díbh ar conas mar a bheidh an bunachar sonraí críochnaithe.  Breis eolais anseo.(31/7/01)

Fardal Náisiúnta Oidhreachta Ailtireachta

Tá áthas orainn a rá go bhfuil sonraí de chuid an Fardal Náisiúnta Oidhreachta Ailtireachta anois réidh againn.  Baineann an sonraí seo le chontae an Chláir agus baile Inis.  Breis eolais anseo.(Lúnasa 2000)

Fáilte !

Tá an suíomh idirlíon seo ar fáil anois le roinnt míosa agus tá an-áthas orainn go bhfuil triall chomh mór sin air, go mór mhór nuair nár deineadh aon bolscaireacht faoi ach trí "gaoth an fhocail". Ó na teachtaireachtaí a fuaireamar ar ais tá sé soiléir go bhfuil deacrachtaí ann. Ar an gcéad dul síos tá daoine ann gur mhian leo na sonraí a fheiceáil ach nach bhfuil an trealamh, na bog-earraí, an léarscáilíocht, nó an saineolas acu chun deighleáil leis. Tá brón orainn, ach cuirtear an tseirbhís seo ar fáil chun freastail ar saineolaithe proifisiúnta. Muna bhfuil na hachmhainní agat, nó muna thuigeann tú ná formáidí, caithfhidh tú glacadh leis nach bhfuil teacht agat ar an eolais. Ar an dul céanna, ní chuirtear na sonraí seo ar fáil ach in aon formáid amhain. Má theastaíonn siad uait in aon formáid eile caithfidh tú modhanna aistriúcháin a lorg as do stuaim féin. Ní chuireann muid bogearraí GIS ar fáil agus ní féidir linn déantúsóir nó déantús de shaghas ar bith a mholadh. Má thugann tú srachfhéachaint ar suíomh idirlíon IRLOGI - Eagras Eolais Geografaigh na hÉireann, bhféidir go gcuirfear ar do chomhairle thú. Ní féidir linn, ach chomh beag, léarscáilíocht topagrafach a chur ar fáil. Baineann an cóipcheart leis na comhlachtaí a ghineann an léarscáilíocht agus ní féidir é a scaipeadh ach amháin lena gcead siúd. Má theastaíonn léarscáilíocht uait, caithfhidh dul i dteagmháil le comhlacht chuí agus conradh a dhéanamh leo. Seans arís go mbeadh suíomh IRLOGI úsáideach sa chás seo.

Ní dhéanfhadh sé aon dochair a rá athuair go bhfuil na sonraí seo curtha ar fáil díreach sa riocht in bhfuil siad ar ár gcóras ríomhaireachta fhéin "warts and all", agus tá fhios againn go maith go bhfuil go leor "warts" ann. Tá go leor suímh san áit mí-cheart ar an léarscáil. Déanfaimíd iarracht an scéal a leigheas de réir a chéile. Tá gach seans ann go bhfuil flúirse mór earráidí eile sna sonraí agus feabhasófar an scéal amach anseo. 'Sé díreach an rud atá le rá againn ná go bhfuil muid eolasach faoi na botúin agus ní gá labhairt linn arís futhu. Ba chóir an rabhadh faoi earráidí a thabhairt faoi ndeara athuir (féach an Réamhrá). Bí churamach! Tá na sonraí seo á núsáid agat go hiomlán ar do phriacal féin.

barr

   An Rannóg Seo
Nuacht
NIAH
   Ar ais